Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Athbhreithniú 2016 Údarás na Gaeltachta

Udaras na Gaeltachta Jobs Gaeilge 2016Fáiltím roimh dhea-fhigiúirí fostaíochta an Údaráis arís i mbliana agus is léiriú dearfach é ar an mian atá ag an Rialtas dlús a chur le forbairt agus fostaíocht sna réigiúin agus i gceantair tuaithe.

Beidh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an Phlean Gnímh do Cheantair Tuaithe na hÉireann. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua fós ann le 36 comhlacht nua ag dul i mbun gnó i 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana. Agus iad ag obair i gcomhar le mo Roinnse, bheifí ag súil go bhféadfaí cur leis an dea-obair seo sna blianta amach romhainn i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Is cúis áthais ar leith dom gur cruthaíodh 559 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i 2016 agus go raibh 7,963 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana. Is é sin 7,348 post lánaimseartha agus 615 post páirtaimseartha.

“Rinne an tAire Stáit tagairt freisin don . “Táim sásta gur chuir an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sí mar aidhm ag an Údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht i 2017. (Fuair Údarás 2.4 milliún euro de mhaoiniú breise a d’éirigh leis a fháil do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta le linn 2016.)

Is obair fíorthábhachtach í seo i gcomhthéacs aidhmeanna Gaeltachta na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus tá áthas orm go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt tosaíochta don phróiseas sna 23 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bhfuil fógraí déanta ina leith go dtí seo.

Menu