Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Bille Na Gaeltachta 2012

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabhail leis an tAire as ucht an chéad bhille Gaeltachta  le 56 bliain atá ag tágairt do na mapaí nó na limisteirí Gaeltachta. Tá a lán rudaí athraigh sa Tír agus sa Ghaeltacht ón am sin. Tá daonra níos airde againn i gcuid do na Gaeltachta agus tá titim sa daonra in áiteanna eile. Tá iomarca eastáit nua tógtha in áiteanna a raibh talamh feirmeoireachta, go  háirithe i gCathair na Gaillimhe agus timpeall air.  Tá titim sa daonra in áiteanna eile go mór mhór i gceantar Iris Aithneach i gConamara. I mo thuairim féin, i gConamara tá ceithre limistéir Gaeilge,  áiteanna a bhfuil an teanga láidir agus go bhfuil an daonra ag titim nó ag fanacht mar atá, sé sin Iris Aithneach, Ceantar na nOileáin agus Arann, áiteanna atá an teanga go láidir agus go bhfuil an daonra ag méadú ó na Forbacha go dtí an Cheathrú Rua, áiteanna go bhfuil an teanga lag agus an daonra faoi bhrú – Ceantar Seoighe agus Sraith Salach agus áiteanna thart ar Maigh Cuilinn agus Bearna a bhfuil an daonra ag fás ach go bhfuil stádas an teanga lag.

Tá a lán fadhbanna leis an teanga oifigiúil sa Ghaeltacht. Rugadh mise i Maigh Cuilinn, an Gaeltacht oifigiúil.  Ba Ceantar é le Gaeilge réasúnta blianta ó shin ach tá titim sa chaighdeán. Cén fáth?  Bhuel, níl a fhios agam ach uair amháin, bhí gach ábhar múinte tríd Ghaeilge sa scoil náisiúnta agus go minic ní raibh Gaeilge a labhairt sa teach ar chor a bith.  Sin fadhb mhór.  Más rud é nach bhfuil Gaeilge sa teach ag na tuismitheoirí beidh fadhb ag na gasúir. I Maigh Cuilinn seachas scoil Baile Nua níl aon scoil eile ann lán gaelach. Tá a lán Gaeilge i gcuid acu. Caithfidh muid tosú sa mbaile agus ansin sna scoileanna. “Tús maith leath na hoibre”

Mar a dúirt mé cheana, tá tithe nua tógtha in áiteanna nach raibh mórán daoine ina gcónaí i 1956 nuair a d’athraigh siad an mapa Gaeltachta. In áiteanna cosúil le Cnoc na Cathracha i gCathair na Gaillimh, tá sé deacair a chreidiúint gur ceantar  Gaeltacht atá i gceist. Ach tá scoil náisiúnta ansin le 437 dáltaí, sé sin Gael Scoil Mhic Amhlaigh agus beidh Coláiste na Coiribe ag athrú go dtí Cnoc na Cathracha  sa bhliain 2013.  

Is scéal maith é Cnoc na Cathracha mar gheal ar oideachas tríd Gaeilge agus freisin is scéal maith eile, áiteanna cosúil le  Eanach Dúin sa taobh eile don Dáil Cheantair,  Gaillimh Thiar. Chás mé le grúpa beag ó Eanach Dúin an tseachtain seo sa Dáil.  Bhí siad ar cuairt in éineacht leis an gcomhairleoir, Mary Hoade agus labhair muid faoi ábhar na Gaeilge. Dúirt siad liom go raibh an-obair déanta ag an scoil náisiúnta ag múineadh na Gaeilge agus gurbh iad na paistí as Eanach Dúin na scoláirí is fearr sa Ghaeilge sa meán scoil in Áith Cinn.  Dúirt siad liom go raibh an-suim acu sa teanga agus go bhfuil siad ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht. Dúirt siad go raibh ranganna Gaeilge sa Cheantar agus go bhfuil siad ag obair ar an teanga. I mo cheantair féin i Maigh Cuilinn, tá áis nua tógtha ag Conradh na Gaeilge do ranganna Gaeilge. Tá an áis chun an Ghaeilge a cur chun cinn agus is maith an rud é sin.

Dá má rud é go raibh daoine ag breathnú ar rudaí mar atá siad anois, b´fhéidir go gceapaidís gur cheart  nach mbeadh Cnoc na Cathrach agus Eanach Dúin agus áiteanna cosúil leo sa nGaeltacht anois. Ní aontaíonn le sin. Tá an tAire ceart leis an mbille seo.

Má theastaíonn tuilleadh am uaidh aon limistéir sa Ghaeltacht díospóireacht faoi Stádas sa Ghaeltacht, ba cheart go mbeadh an t-am acu. Ní raibh aon athrú i 56 bliain. Níl sé ceart go ndéanann muid aon rud gan comhairle ón pobail nó gan plean ón phobal. Sin a teastaíonn sa mbille Gaeltachta seo.

Leis an mbille seo, beidh ar an bpobal plean teanga a ullmhú. Tá sé ráite go soiléir sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go mbeidh titim uafásach sa teanga mar theanga theaghlaigh agus sa phobal i gceann 15-20 bliain gan gníomhú.  Dá bhrí sin, beidh 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht agus teastaíonn pleananna a ullmhú. Beidh ról ag Údarás na Gaeltachta sa phróiseas seo. Beidh Údarás ag obair leis an phobail i ngach limistéir agus leis na heagraithe pobal chun an plean teanga a cur chun cinn ar an talamh. Beidh ar an Roinn  breathnú ar na pleananna go dian sular nglacann an tAire leo. An rud is tábhachtach ná go mbeidh an pobal lárnach i próiseas ullmhú na pleananna. Teastaíonn suim an pobal chun stádas an Ghaeltacht a choinneáil.

Bhí mé ag éisteacht leis An Teachta Dara Calleary inné agus bhí sé ag caint faoin Clár Leader agus MFG. Aontaím leis faoi na deacrachtaí atá ag grúpaí áitiúil sa Ghaeltacht ach tá an ábhar sin réitigh anois mar go bhfuil na ceantairí Gaeltachta istigh le grúpaí eile anois chun clár Leader a oibriú. Cuirim fáilte roimhe sin, ach caithfidh mé a rá nach é an tAire Hogan ná an tAire McGinley a rinne praiseach do MFG.

Tá a lán caint go bhfuil an Bille ag cur deireadh leis an toghcháin dhíreacha ar Bord Údarás na Gaeltachta. Tá an chuid is mó don chaint ó polaiteoirí, cuid acu atá ar Bord an Údarás.  Beidh airgid sábháilte ag an athrú seo agus laghdú  ar an méad daoine atá ar an mbord, ó 20 go 12. Tá sé soiléir ó na daoine le taithí ar gnó ar fud an domhain go bhfuil bord le 10 nó 12 baill níos fearr ná bord le fiche. An rud is tábhachtach ná go bhfuil daoine le taithí i ngnó ar an mBord nua,  go mór mhór,  taithí i postanna a chruthú.  Is féidir le haon daoine a bhfuil suim acu a bheith ar an mBord iarratas lena taithí a chuir ar aghaidh go dtí www.publicjobs.ie

Beidh na Comhairle Contae in ann daoine a ainmniú ó measc na comhairleoirí tofa ar feadh téarma iomlán oifige. Tá sé seo daonlathach. Nuair a bhí an Taoiseach, mar Cheannaire Fhine Gael ag canbhásáil liomsa i 2005 i gCathair na Gaillimhe, an áit timpeall ar Óstán Menlo, ní raibh mórán daoine le Gaeilge, fiú ní raibh mórán daoine eireannach. Dá bhrí sin, i mo thuairim féin, ní raibh mórán ciall go raibh vótaí ag cuid do na daoine sa toghcháin sin.

Tá sé suimiúil agus is maith an rud e go bhfuil an teanga a fás taobh amuigh don Ghaeltacht. Tá Gael scoileanna ar fud na tíre agus tá sé iontach é a fheiceáil. Ach   sa nGaeltacht níl ach 24% nó 23,175 daoine ag úsáid Gaeilge gach lá. Is figiúir lag é sin. Tá a lán rudaí atá an Rialtas in ann a dhéanamh chun Gaeilge a fheabhsú agus a fhorbairt. Ach níl an Rialtas in ann dul isteach sna tithe ar fud an Ghaeltacht chun a fháil amach,  an bhfuil na tuismitheoirí ag caint Gaeilge nó an bhfuil na paistí ag caint Gaeilge lena cheile. Níl fadhb ar bith béarla a phiocadh suas ón teilifís nó ó ghasúir eile sa cheantar.  An rud is tábhachtach ná go bhfuil na paistí ag cloisteáil an Ghaeilge sa mbaile.

I mí Aibreán d’fhoilsiú an Roinn an Clár Tacaíochta Teaghlaigh.  Sa clár sin, is é an aidhm ná an Ghaeilge a theisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an Straitéis 20 bliain. Tá bearta nua sa clár sin – feachtas feasachta – ag obair leis an Roinn Sláinte tríd bileog eolais a chuir ar fáil do tuismitheoirí sa Ghaeltacht – faoi na buntáistí  a bhaineann le paistí a thógáil le Gaeilge. Freisin tá scéim na Cúntóirí Teanga ann sna scoileanna sa Gaeltacht chun freastal níos fearr a dhéanamh ar phaistí chun a chuid Gaeilge a feabhsú.  

Nuair a bhí mé ag ullmhú an ráiteas seo bhí mé ag smaoineamh ar Phlean na Gaeltachta a d’fhoilsigh  Comhairle Contae na Gaillimhe i 2005 nó 2006. Bhí a lán cruinnithe againn. Bhí díospóireacht láidir againn.  Phlé muid cúrsaí  cead pleanála agus ba bheidh an cheist práinneach ná,  an raibh sé ceart cead pleanála a thabhairt sa fíor Ghaeltacht do dhaoine nach raibh in ann Gaeilge a labhairt. Bhí daoine ag rá gur teastaíonn daonra i gcuid do na ceantair agus gur cuma más rud é go raibh Gaeilge acu nó nach a raibh. Dúirt mise ag an am más rud é go raibh daoine le paiste óga sásta na paistí a cur chuig scoil lán Gaelach sa Gaeltacht go rud maith é sin don teanga. Ach ar deireadh, chuir muid isteach rialacha do dhaoine áitiúil, daoine atá ag obair sa cheantar, nó atá ag teacht ar ais sa cheantar go raibh siad in ann cead pleanála a fhail gan Gaeilge. Bhí díospóireacht dian againn sa Chomhairle Contae. Sé sin an chéad uair a chuir mé féin suim sa teanga, cé nach raibh mórán Gaeilge agam.  Bhí turas agam ina dhiaidh sin, go mór mhór i ndiaidh an toghchán áitiúil i 2009. Rinne mé iarracht an teanga a foghlaim.  Bhí fadhb mór agam leis an Ghaeilge – muinín. Níl muinín ag a lán daoine leis an Ghaeilge. Níl daoine sásta Gaeilge a labhairt mar nach bhfuil siad líofa. Is mór an trua é sin.

Cuireann mé fáilte roimh an bille seo. Is maith an rud é go bhfuil fear lán gaelach le Gaeilge álainn, cosúil leis an tAire McGinley mar Aire na Gaeltachta.  Tá a fhios agam go bhfuil grá aige don teanga agus tá an-díomá air faoin titim atá sa chaighean Gaeilge sa nGaeltacht. Caithfidh muid rud éigin a dhéanamh chun an teanga a shábháil agus ceapann mé go céim sa phróiseas sin an bille seo.

 

Menu