Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Caiseal Geal – Teach Altranais an Chaisleán Gearr

Caiseal Geal 3

Bhí sé de phribhléid agam an Caiseal Geal – Teach Altranais ar an gCaisleán Gearr – a oscailt ar hAoine.

Tugadh an togra seo de luach €4.6 milliún chun críche i mí Meán Fómhair 2016 agus tá ag feidhmiú le sé mhí anuas. Cuirfidh an t-ionad ard chaighdeáin seo 42 ionad leapan ar fáil agus cruthóidh suas le 36 post nuair atá sé ag feidhmiú go hiomlán. Tá an togra lonnaithe i gceantar Gaeltachta an Chaisleán Gearr.

Bhí teach altranais ar an láthair céanna ó 1981 i leith faoi stiúir Joe agus Aideen Stanley agus tháinig triúr le cúlra san earnáil seo le chéile chun tabhairt faoin togra seo, Joe Stanley, Dick Keane agus Aidan McGrath atá i mbun Áras Chois Fharraige sa Spidéal.

Caiseal Geal 4Foirgneamh nua-aimseartha le achar spáis de thart ar 22,500 troigh cearnach le 42 ionad leapan atá i gCaiseal Geal agus chomh maith leis sin tá seomraí suí, cistin, bialann, seomraí seirbhísí cúraim, seomraí riaracháin ar fáil ann. Tá an Teach Altranais ag cloí go hiomlán le rialacháin nua HIQA.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta deontas caipitil de €210,000 chomh maith le deontas oiliúna de €70,000 don togra i mí Meitheamh 2012.

De bharr an tacaíocht seo agus an ceangal láidir atá ag an ionad le pobal an cheantair Gaeltachta seo, tá na príomhaithe ag iarraidh polasaí láidir Gaeilge a chur i bhfeidhm san teach altranais nua agus tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leo i dtaca leis seo.

 

Menu