Mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta beidh mé ag cur cúnamh breise ar fáil do na teaghlaigh a n-éiríonn leo aitheantas a fháil den chéad uair chun foghlaimeoirí a choinneáil ar iostas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ón 1 Meitheamh 2017.
Ba dheontas de €1,000 do theaghlach nua a bhí i gceist roimhe seo agus íocadh an deontas tar éis do na foghlaimeoirí fanacht ar iostas leis an teaghlach ar feadh cúrsa amháin. Is de bharr costais bhreise a bhíonn ag titim ar theaghlaigh anois chun a gcuid tithe a chur in oiriúint le cloí leis na rialacha atá leagtha síos atáthar ag ceadú an €1,000 breise seo. Fágann sé sin go mbeidh €2,000 ar fáil do theaghlaigh nua ón 1 Meitheamh 2017 ar aghaidh.
Beidh ról ar leith ag na Coláistí Gaeilge trí CONCOS – Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Gaeilge – maidir le feidhmiú an deontais. Is iad na Coláistí Gaeilge a earcaíonn na foghlaimeoirí agus a dháileann ar na teaghlaigh iad.
Beidh an deontas seo teoranta do theaghlaigh nach bhfuil agus nach raibh aitheantas riamh acu faoin scéim seo – bíodh an t-aitheantas sin acu i leith an teach ina bhfuil cónaí orthu ann anois nó i leith tí eile. Ní íocfar an deontas ach oiread i gcás go raibh aitheantas ag teaghlach eile sa teach a bhfuiltear ag lorg aitheantais ina leith anois.
Tagann foghlaimeoirí chun líofacht agus blas na Gaeltachta a chloisteáil agus níl áit níos fearr chuige sin ná sa teach iostais, ag éisteacht agus ag comhrá le teaghlach Gaeltachta. Ní íocann an Roinn deontas ach i leith uasmhéid de 12 duine in aon teaghlach níos mó faoin scéim. Tá mé cinnte go mbeidh sé seo ina chuidiú mór ag na coláistí teaghlaigh nua a mhealladh, go háirithe teaghlaigh le páistí óga, rud a rachaidh chun sochair don scéim ina hiomláine. Tá lúcháir orm an cúnamh breise seo a fhógairt.