Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Deontas d’os cionn €680,000 ceadaithe do Scéimeanna Ghlór na nGael

Mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin cheadaigh mé  deontas €683,677 do Ghlór na nGael don tréimhse 2019-2022 chun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus an scéim Teanga Tí a fhorbairt.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael (CLG) í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG a chuireann an Ghaeilge chun cinn.  Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn chláraithe a n-éiríonn leo méid áirithe gníomhaíochtaí a chur i gcrích.  D’fhéadfaí bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhronnadh ar chlubanna chomh maith as líon áirithe de na 70 gníomh atá leagtha síos a bhaint amach i dtaobh na teanga.  Is comhartha aitheantais é seo ar an dea-obair a dhéanann na clubanna.

 

Na clubanna (Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo) ag glacadh páirte sa Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

 

Co. na Gaillimhe Cumann Liathróid Láimhe Anach Dhúin (Annaghdown)
  Baile an Doirín CLG (Ballinderreen)
  Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn
  Bearna CLG
  Na Piarsaigh, Rosmuc, CLG
  Gaeil na Gaillimhe CLG (Galway City)

 

 

Co. Mhaigh Eo Cumann Liathróid Láimhe Thuar Mhic Éadaigh
  Cill tSeadhna CLG, Iorras (Kiltane, Erris)
  Baile an Chaisil CLG, Maigh Eo (Ballycastle)
  Tuar Mhic Éadaigh CLG
  Cill Chomáin CLG (Kilcommon)
  Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh (Castlebar)
  Cnoc Mór, Maigh Eo, CLG (Knockmore)
  Acla CLG (Achill)
  Moy Davitts CLG, Foxford

 

 

Faoin Scéim Teanga Tí, atá faoi chúram Ghlór na nGael agus Ghaeloideachas Teo, féachtar le gréasáin de theaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu i bpobalscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhorbairt.  Tugtar tacaíocht agus spreagadh faoin scéim seo do theaghlaigh a bhfuil páistí acu sna naíonáin shinsearacha agus ar mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge.  Beidh imeachtaí lán-Ghaeilge á gcur ar fáil do na teaghlaigh seo.

 

Na gaelscoileanna ag glacadh páirte sa Teanga Tí

  1. Scoil Mhuire, na Doirí Beaga – Derrybeg, Co. Donegal
  2. Scoil Mhic Amhlaigh, Gallaimh – Knocknacarra, Galway City
  3. Scoil Lorcáin, BÁC – Blackrock, Co. Dublin
  4. Scoil Gharbháin, Grúpa 1 – Dungarvan, Co. Waterford
  5. Scoil Gharbháin, Grúpa 2 – Dungarvan Co. Waterford
  6. Gaelscoil an Chaisleáin, Baile an Chollaigh – Ballincollig, Co. Cork
  7. SN Rann na Feirste – Ranafast, Co. Donegal
  8. BS na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha – Co. Armagh
  9. SN Uí Ghnamhnaigh, Ráth Chairm – Co. Meath
  10. SN Ros Dumhach – Rosdoagh, Ballina, Co. Mayo

 

 

 

Menu