Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Mo chuid am mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta

I mí na Bealtaine 2016, théis a bheith páirteach i gcainteanna maidir le teacht ar   Comhpháirtíochta Rialtas nua, bhí sé de phribhléid agam a bheith ceaptha mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha.

Mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar, lena n-áirítear an Gaeltacht is mó sa tír agus mar fear as Chonamara, bhí an-spéis agus meas agam i gcónaí ar An Ghaeilge. Dá bhrí sin, ba onóir dom a bheith i mo Aire le cúram don Ghaeilge agus don Gaeltachta.

Ní inniu ná inné a thosaigh dúshláin mhóra don Ghaeilge. Leis na céadta bliain tá an ceannas agus cumhacht atá ag an Bhéarla mar dúshlán ollmhór ní hamháin don Ghaeilge ach do chúrsaí mionteangacha. Tá na dúshláin trasna réimsí éagsúla ó oideachas go cumarsáid go ionadaíocht seirbhíse. Agus tá an dearcadh i leith na teanga chomh maith, i mo thaithí féin,  mar dúshlán suntasach.

I mo thuairimse, ní faoi tús áite a thabhairt do theanga amháin thar ceann eile, ach meas a thaispeáint dá theanga agus aitheantas do chearta na cainteoirí.

Mar Aire, bhí mé oscailte do smaointe nua, tuairimí agus moltaí, comhairle agus saineolas. Rinne mé iarracht éisteacht le pobail na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Rinne mé mo dícheall na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Teachtaí Dála Freasúra agus seanadóirí a bheith san áireamh sna chinntí tábhachtach a bhí le déanamh.

Bíonn ceisteanna acmhainní agus airgeadas ann i gcónaí agus throid mé go crua chun maoiniú breise a fháil don Ghaeilge agus do Pobal na Gaeltachta. Is é an pointe bunúsach mura bhfuil muid ag iarraidh ár dteanga dhúchais a chosaint agus a chur chun cinn, ní féidir linn a bheith ag súil go mbeidh daoine eile é sin a dhéanamh dhúinn ná a bheith ag gearán maidir le titim ar líon na gcainteoirí nó ar an laghdú ar stádas infheictheacht  An Ghaeilge .

Ag breathnú siar ar mo chuid ama mar Aire Gaeltachta, tá roinnt gnóthachtálacha a sheasann amach le n-áirítear:

  • Foilsiú cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla nua
  • Maoiniú caipitil méadaithe do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Scéimeanna Tacaíochta Teanga
  • Maoiniú méadaithe don Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhfuil obair ar siúl faoi láthair maidir le plean gníomhaíochta
  • Maoiniú méadaithe de € 2.4 milliún d’Údarás na Gaeltachta
  • € 1.5 milliún i maoiniú do ghréasán bóithre ar na hoileáin
  • Earcaíocht do aistritheoirí Gaeilge sular mbeadh Gaeilge ina teanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh
  • Seoladh don chéad Polasaí Oideachais Ghaeltachta riamh sa Stáit
  • Maoiniú méadaithe de € 1 mhilliún don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise
  • Níos mó ná leath mhilliún mhaoiniú don chreat cáilíocht aitheanta go hidirnáisiúnta do Ghaeilge – Teastas Eorpach na Gaeilge
  • Dúbailt ar deontais do theaghlaigh nua a bheas a chuir cóiríocht ar fáil do scoláirí Gaeilge
    ü Maoiniú € 250,000 chun cur leis an deontas na Mna Tí
  • Síniú conartha nua ceithre bliana d’aersheirbhísí Oileáin Árann
  • Obair agus comhairliúchán ar siúl maidir le teacht ar réiteach fadtéarmach maidir le fadhbanna seirbhísí farantóireachta Oileáin Árann
  • Réiteach ar cheist fiacha leagáide idir an Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le cuain Inis Mór a d’éascaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe chun dul ar aghaidh leis an gcéibh nua do Inis Oírr
  • Brú chun cinn an ché nua do Inis Meáin chuig dearadh agus céim phleanála
  • Próiseas comhairliúcháin phoiblí ar thodhchaí na stiallacha aeir ag an gCloigeann agus Inis Bó Finne
  • An chéad méadú ar mhaoiniú reatha do Chomharchumann Gaeltachta ó 2008

Ceisteanna eile a bhí mé chun brú ar aghaidh leo roimh an sos ná:

  • smaoineamh nua don Bheartas Oideachais mar a bhaineann sé le scoileanna i gceantair atá níos laige sa Ghaeltacht
  • Seoladh Scéim na Mac Léinn Gaeilge i gceantair CLÁR mar cúnamh chun líon na ndaltaí a mhéadú
  • Níos mó cinnteachta ar ghnóthachtálacha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Fiú má tá dúshláin ann fós, creidim go bhfuil an-chumas chun cur leis an dul chun cinn atá bainte amach.

Guím gach ráth ar Phríomhaoire an Rialtais agus an tAire Stáit nua atá freagracht don Ghaeilge, Gaeltachta agus Oileán, Joe McHugh ina ról nua.

Beidh mé ag leanúint ar aghaidh ag obair le pobail na Gaeltachta, le cainteoirí Gaeilge agus le gach duine a bhfuil an tiomantas ceanna acu An Ghaeilge a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le oifigigh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta as ucht an cúnamh, comhairle agus cabhair le bliain anuas agus ba mhaith liom buíochas a ghabhail le an gCoimisinéir Teanga, Ronán Ó Domhnaill

Menu