Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Os cionn €868,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Seán Kyne chun Oibreacha Caipitil a dhéanamh ar Oileáin Éagsúla

Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Reigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta, Seán Kyne, T.D., inniu go bhfuil deontas de €868,804 ina n-iomláine ceadaithe aige chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla.  Is do Chomhairlí Contae Mhaigh Eo,  Corcaí, na Gaillimhe agus Shligigh atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:

 

Comhairle Contae Mhaigh Eo €165,000
Comhairle Contae Chorcaí €232,125
Comhairle Chontae na Gaillimhe €462,679
Comhairle Chontae Shligigh €9,000

 

Beidh na Comhairlí Contae ag cur comh-mhaoiniú ar fáil.

Is iad na hoileáin atá i gceist ná Inis Bigil, Inis Toirc agus Cliara i gContae Mhaigh Eo; Inis Uí Drisceoil, an tOileán Mór, Inis Fada agus Baoi i gContae Chorcaí; Árainn agus Inis Bó Finne i gContae na Gaillimhe agus Inis Uí Mhaolchluiche i gContae Shligigh.  Cuimsíonn na hoibreacha athchóiriú bóithre, oibreacha rochtana agus réamhobair do héileapad ar Inis Toirc.  Tá liosta iomlán de na hoibreacha ar fáil ón Roinn.  Táthar ag súil go mbeidh cúnamh airgid do mhionoibreacha ar oileáin Dhún na nGall á fhógairt ag an Roinn níos moille.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air fógra mar seo a dhéanamh.  “Léiríonn an fógra seo inniu maidir le cúnamh do mhionoibreacha ar na hoileáin, go bhfuil an Rialtas seo agus mo Roinn tiomanta do thacú leis na hoileáin amach ón gcósta,” a dúirt an tAire Stáit.

 

 

Menu