Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Proxy Biomedical Ltd, An Spidéal le forbairt €3.5 milliún a dhéanamh agus 35 post nua a chruthú

Proxy Biomedical - An Spideal
Proxy Biomedical – An Spideal

D’fhógair Proxy Biomedical Ltd go bhfuil siad ag tabhairt faoi forbairt suntasach ar an láthair atá acu ar An Spidéal, Co. na Gaillimhe le infheistíocht de €3.5 milliún. Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an fhorbairt agus cruthófar 35 post nua dá bharr.

Déanann Proxy Biomedical Ltd táirgí leighis a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar son cuid na déantóirí feistí leighis is mó le rá ar fud an domhan. Thosaigh an comhlacht amach ag soláthar feistí leighis do mhaidhm sheicne do mhargadh an mháinliacht ginearálta.

Tar éis infheistíocht suntasach a dhéanamh i taighde agus forbairt agus i dteicneolaíocht próiseála nuálach, tá táirgí agus margaí nua forbartha ag Proxy Biomedical anois. Dearann agus táirgeann an comhlacht réimse clúdaigh agus teicstílí bithábhair do ionchlannáin soithíoch, chomh maith le réitigh clannáin láidre ionsúite agus teicstílí do leigheas ortaipéidic agus spóirt.  Tá an comhlacht anois ag leathnú an áis déantúsaíochta íonghlan ISO 8/100,000 agus ag forbairt áiseanna breise taighde agus forbartha ar an láthair atá aige ar an Spidéal chun éileamh a shásamh agus na teicneolaíochta agus seirbhísí atá riachtanach a chur san áireamh.

Ag cur fáilte roimh an fhógra dúirt an t-Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne TD, “Seo dea-scéala don cheantar. Cuirfidh an leathnú seo postanna ar fáil do dhaoine sároilte i nGaeltacht na Gaillimhe agus an comhlacht ag ardú an líon lucht oibre atá acu go dtí 75 sa dá bhliain atá amach romhainn.”

Dúirt Peter Mulrooney, Príomhfheidhmeananch Proxy Biomedical, “Tacóidh an fhorbairt nua le fás leanúnach agus tionscnaimh forbartha straitéiseach an chomhlachta agus muid ag leanúint de leathnú a phunann teicneolaíochta chun éileamh a shásamh agus réitithe nuálach a chur ar fáil dár bpríomhmhargaí.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidheamannach Údarás na Gaeltachta, “Tá muid ag obair leis an gcomhlacht ó 2008 nuair a athlonnaigh siad chuig foirgneamh de chuid an Údaráis ar An Spidéal. Ó shin, tá dúbailt déanta ar líon na bhfostaithe sa chomhlachta, tá infheistíocht mhór déanta i taighde, agus tá forbairt déanta ar punann nuálach réitithe. Is comhlacht sofaisticiúil agus ardteicneolaíoch é seo atá ag freastal ar mhargadh domhanda feistí leighis. Tá lúcháir orainn a bheith ábalta tacú leis an chéad chéim eile de phlean forbartha Proxy Biomedical agus cuireann muid fáilte roimh an fhostaíocht breise a chuirfear ar fáil sa cheantar dá bharr.”

Tá Proxy Biomedical ag earcú i láthair na huaire do phostanna sna réimsí innealtóireacht déantúsaíochta, innealtóireacht bithábhair, rialú cáilíochta agus rialálú, chomh maith le oibrithe táirgiúlachta.

 

Bunaíodh Proxy Biomedical sa bhliain 2002 agus bhí an comhlacht lonnaithe san Ionad Innealtóireachta Teicneolaíochta Eolais in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus ar Pháirc Ghnó Mhuirbheach ar dtús.  Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta d’athlonnaigh an comhlacht chuig An Coileach, An Spidéal i 2008.

Tá Proxy Biomedical mar pháirtí iontaofa i ndearadh, forbairt agus déantúsaíocht feistí ionchlannáin bithábhair. Cuireann an comhlacht seirbhís iomlán réitithe forbartha táirgí ar fáil, ón coincheap a dhearadh agus a fhorbairt, go dtí fréamhshamhaltú mear, tacaíocht rialála agus olltáirgeadh i seomra ionghlan Aicme 8. Tá cáilíocht dearbhaithe ag Proxy Biomedical go caighdeán ISO 13485:2012 agus FDA.

Menu