Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Ráiteas ar Sheirbhísí Farantóireachta go Inis Mór, Gaillimh

Ba mhaith liom a chuir in iúl do mhuintir Inis Mór ó thaobh an imní atá orthu maidir le tseirbhís farantóireachta don oileán, go mbeidh sé mar thosaíocht agam go mbeidh seirbhís farantóireachta don oileán a chur ar fáil ar fad na bliana.

Tá tuairimí sna meáin go bhfuil díospóid idir ranna rialtais ar an gceist seo mícheart.

Ní mhealladh an tairiscint a chuireadh amach roimhe seo don chonradh seirbhíse poiblí don tseirbhís farantóireachta go hInis Mór aon tairgeoir.

Thóg an soláthraí na seirbhíse reatha cás dlí i gcoinne Chomhairle Contae na Gaillimhe i leith an táille tuirlingthe de 80 cent in aghaidh an phaisinéara a chur ar an Chomhairle i bhfeidhm, chun cur leis an infheistíocht mhór sa ché nua ar Inis Mór – thart ar € 50 milliún – agus na costais reatha.

Rialaigh An Chúirt i gcoinne an comhlacht farantóireachta atá ann faoi láthair.

Labhair mé leis an tAire Gaeltachta, Joe McHugh agus Príomhfheidhmeannach Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar an ábhar seo. Ní mór do na páirtithe leasmhara go léir, oileánaigh, oibreoir farantóireachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Roinn na Gaeltachta a chinntiú go mbeidh seirbhís a choimeád do Inis Mór.

Beidh cruinnithe ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh inniu go réiteofar an cheist seo.

Gan amhras, caithfidh seirbhís farantóireachta Inis Mór leanúint ar aghaidh agus tá mé ag obair chun é seo a chinntiú.

 

Menu