Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Ráiteas ó Seán Kyne TD

Le scor Enda Kenny tar éis 15 bliain do ceannaireacht tiomanta ar Fhine Gael, tá tasc tábhachtach os comhair an Pháirtí chun ceannaire nua a thoghadh agus seans maith a bheas ina Thaoiseach.

Tá an t-ádh ar Fine Gael go bhfuil roinnt mhaith Teachtaí Dála leis an ábaltacht, scileanna agus an cumas a bheith ina cheannaire ar an Pháirtí.

Sa pholaitíocht is é an t-aon gealltanas a thug mé riamh ná mo dhícheall a dhéanamh ar son daoine i mo Dáilcheantar agus do cúiseanna. Creidim a bheith ionraic agus macánta, labhairt neamhbhalbh agus éisteacht. Tar éis dul i gcomhairle le lucht tacaíochta agus le baill den Pháirtí, tá mé ag tacú le Leo Varadkar mar cheannaire ar Fhine Gael agus marTaoiseach.

Ó toghadh mé don Dáil i 2011, bhí Leo Varadkar mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt mar Aire Sláinte agus ina Aire Coimirce Sóisialaí. I ngach ceann de na róil seo bhí fuinneamh faoi Leo agus thug sé isteach tionscnaimh suntasach agus rinne sé athchóirithe a rinne difríocht do dhaoine, gnólachtaí agus pobail ar fud na tíre.

Bunaithe ar mo thaithí ar Leo, tá sé aireach, dírithe agus spreagúil agus ar fáil i gcónaí do chuid chomhghleacaithe sa Páirtí agus daoine eile a bhfuil an suim céanna acu ár dtír a fheabhsú.

Menu