Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Seachtain na Gaeilge – Mo aitheasc i Seanad Éireann

Mar Aire Stáit na Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt libh sa Seanad inniu. Tá sé tráthúil go bhfuil an deis seo agam agus Seachtain na Gaeilge faoi lánseol. Ní call a rá gurb í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an chloch is mó ar mo phaidrín mar gur chloch coirnéil don Ghaeilge agus a cur chun cinn í. Mar thacaíocht dó sin, is gá leas a bhaint as gach uirlis ar féidir linn chun é sin a dhéanamh.

Seachtain na Gaeilge

Ag féachaint gurb í seo Seachtain na Gaeilge tá sé chomh maith dom tosú leis. Creidim gur meicnicíocht iontach é Seachtain na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc réimse leathan den phobal, anseo in Éirinn agus go deimhin thar lear. Is ócáid fad-bhunaithe í Seachtain na Gaeilge atá fíor-thábhachtach ó thaobh na teanga de. Is é Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coincheap an chéad lá riamh, siar i 1902. Ba é an rún a bhí acu ag an am ná teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn, ní amháin ar fud na tíre, ach thar sáile chomh maith. Agus d’éirigh leo, chomh fada is gur fhéile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge anois, atá ar cheann de na hócáidí ceiliúrtha is tábhachtaí dá cineál sa lá atá inniu ann. Feictear dom go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart gach bliain agus an tseachtain ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí i bhféilire bhliantúil phobal labhartha na Gaeilge.

Is féidir le gach duine blas a fháil de spiorad na féile seo. Tréaslaím go láidir leis na grúpaí deonacha agus pobail, údaráis áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus gach eagraíocht eile a ghlacann páirt ghníomhach ann agus a eagraíonn imeachtaí ina gceantair féin i gcaitheamh na féile.

Ar ndóigh, an rud is fearr faoi Sheachtain na Gaeilge ná go dtugtar deis do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile ar shlite éagsúla – is cuma cén leibhéal cumais atá acu sa teanga – trí a bheith ag labhairt na teanga le cairde agus gaolta nó a bheith ag glacadh páirte sna himeachtaí. Airíonn daoine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte sna himeachtaí, scaoiltear le srian an chúthaiteacht i labhairt na teanga agus ardaítear leibhéal na féinmhuiníne. Tréaslaím le Seachtain na Gaeilge as a mana tarraingteach “Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!”. Meabhraíonn sé gur le gach duine an Ghaeilge agus is le gach pobal Seachtain na Gaeilge.

Cuireann sé áthas orm go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn ar fud na tíre ar bhealaí éagsúla nua-aimseartha. Níl bealach níos fearr ná úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun daoine a choinneáil ar an eolas faoi céard atá ag tarlú sa phobal. Ar ndóigh, tá Seachtain na Gaeilge chun cinn sa réimse seo agus iad ag iarraidh ar dhaoine na meáin shóisialta atá acu a úsáid trí mheán na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017, ach go háirithe ar 16 Márta 2017 mar chuid de Lá na Meán Sóisialta. Sa chaoi seo, gheobhaidh daoine tuiscint níos fearr ar na féidearthachtaí atá ann maidir leis seo, mar shampla is féidir Facebook, Gmail agus Twitter uilig a úsáid as Gaeilge.

Ag caint ar na meáin shóisialta agus an dul chun cinn atá déanta go ginearálta ó thaobh na teicneolaíochta faisnéise de, is léir gur iomaí casadh atá tagtha ar an saol ónar bunaíodh Conradh na Gaeilge os cionn 120 bliain ó shín. Ní raibh an réamh-fheiceáil ag ár sinsir ar na hathruithe móra a bhí le teacht ar an saol sna réimsí sin, agus an éascaíocht a chuirfeadh sé lenár saol. Cá bhfios cén dóigh ina mbeidh daoine ag maireachtáil faoi cheann 120 bliain eile. Bimís ag déanamh ar gcion chun a chinntiú gur ann don Ghaeilge agus don Chonradh agus do Sheachtain na Gaeilge. Má choinníonn muid ar fad ag labhairt na Gaeilge, ní fheictear dom cén fáth nach mbeadh sé sin indéanta.

Go deimhin, tá sé ráite cheana ach is fiú é a rá arís gur ábhar bróid dúinn ar fad an sár-obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge don teanga ó bunaíodh é. Tá ardmholadh ag dul do na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall ar son na Gaeilge. Tuigeann muid ar fad nach bhfuil sé éasca ach tugann ócáidí mar seo misneach dúinn gan ár maidí a scaoileadh le sruth.

 

An stadas don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí

Tá an ceart agat ó thaobh na seirbhíse poiblí ach ní inné nó inniu gur tháinig an titim ar mhéid na daoine sa tseirbhís a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge. Tharla sé ar feadh blianta. Tá a fhios agam go raibh athrú ar an bpolasaí sna 1970í agus níor athraíodh ar ais arís é. Tá laghdú ar an mhéid daoine atá líofacht sa Ghaeilge acu sa tseirbhís phoiblí agus táimid é sin a athrú. Tá sé deacair intinn na ndaoine sinsearacha agus an cultúir a athrú. Tá Stiúrthóir na Gaeilge, atá in aice liom, agus feidhmeannaigh i mo Roinn beagnach críochnaithe leis an bpróiseas maidir leis na feidhmeannaigh i chuile Roinn chun an polasaí a athrú go dtí go mbeidh painéil lán-Ghaeilge ann agus go mbeimid in ann níos mó daoine le Gaeilge a thabhairt tríd an phróiseas sa Státseirbhís. Sin rud atá lárnach in Acht na Gaeltachta agus sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an obair sin roimh Acht nua a fhoilsiú. Tá sé sa straitéis freisin.

Menu