Fine Gael TD for Galway West & Mayo South

Stiúideonna Nua Raidió Rí-Rá seolta

Raidio Ri RaStiúideonna Nua Raidió Rí-Rá seolta 

Sheol mé dhá stiúideo nua don stáisiún raidió Ghaeilge, Raidió Rí-Rá an tseachtain seo. Tá na stiúideonna nua lonnaithe in Áras na nGael i nGaillimh agus in oifig Gael Taca i gCorcaigh. Tá Raidió Rí-Rá ag roinnt an áit i nGaillimh le Raidió na dTreabh agus TechSpace. Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh ar FM i nGaillimh, i Luimneach, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo agus tá sé le fáil ar líne chomh maith.

Tá ríméad orm an tseachtain seo Raidió Rí-Rá ar FM a sheoladh agus freisin an dá stiúideo nua ag an stáisiún i nGaillimh agus i gCorcaigh a oscailt go hoifigiúil. Is léir go bhfuil an stáisiún ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana agus is céim mhór chun cinn é seo don stáisiún.

Tá an-áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinne maoiniú a chur ar fáil go leanúnach do Raidió Rí-Rá. Tuigim go gcuireann Raidió Rí-Rá seirbhís raidió Gaeilge den scoth ar fáil don óige agus go dtugann an stáisiún deis do go leor daoine taithí craoltóireachta a fháil.

New Raidió Rí-Rá Studios Launched

This week I launched two new studios for Irish Language radio station, Raidió Rí-Rá. The new studios are based in Áras na nGael in Galway City and in the Gael Taca Office in Cork. In Galway, Raidió Rí-Rá will share the space with Raidió na dTreabh and TechSpace. Raidió Rí-Rá is broadcasting on FM in Galway, Limerick, Cork and Dublin this week as well as online.

I am delighted to launch this week of Raidió Rí-Rá broadcasts on FM and to also officially open the new studios in Galway and in Cork. It’s clear that the station is growing stronger year after year and this is a great step forward for the studio.

I am pleased that my Department was able to provide continuous funding for Raidió Rí-Rá. I understand that Raidio Rí-Rá provides an excellent Irish Language radio service to young people and it also gives a lot of people opportunities to gain experience in broadcasting.

 

Menu