Tá cinneadh déanta an Ardteistiméireacht a chur siar agus córas de Ghráid Ríofa a thairiscint do dhaltaí.

Tar éis mion-phlé a dhéanamh, is é breithmheas docht na Rialtais agus na Roinne (Oideachais agus Scileanna) go mbeadh an iomarca riosca ag baint leis na scrúduithe do na scoláirí, a dteaghlaigh agus na daoine a bhfuil baint acu lena reáchtáil.

Tá achoimre tugtha ag an Roinn ar an gcaoi a n-oibreoidh Gráid Ríofa:

Déanfar Gráid Ríofa a ghiniúint ag baint úsáid as samhail staitistiúil chórasach. Cuirfear le chéile meastacháin d’fheidhmíocht a bhfuiltear ag súil leis ó scoláire in ábhar agus leibhéal, le heolas maidir le conas ar éirigh le scoláirí sa scoil seo san ábhar seo le blianta beaga anuas i gcomhréir le caighdeáin feidhmíochta náisiúnta thar thréimhse ama.

Is é an múinteoir ábhair a chuirfidh an chéad fhoinse sonraí ar fáil. Ansin déanfar í a ailíniú sa scoil, agus déanfaidh múinteoirí machnamh uirthi agus déanfaidh siad na marcanna a mheas le bheith cinnte go gcuirtear an próiseas i bhfeidhm i gceart. Ansin déanann an príomhoide athbhreithniú uirthi le bheith dearfa gur cuireadh an próiseas i bhfeidhm i gceart agus gur caitheadh go cothrom leis na scoláirí uile. Ansin, cuireann an scoil na sonraí go dtí an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá an Ardteistiméireacht – Tairseach na Mac Léinn Gráid Ríofa oscailte anois agus beidh go dtí 10in, Déardaoin 28ú Bealtaine.

Chun mic léinn a chlárú beidh orthu:

  1. Uimhir Scrúdaithe
  2. Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
  3. Seoladh r-phoist
  4. Uimhir ghutháin

Iarrfar ar mhic léinn leibhéal gach ábhair a bhí á staidéar acu a roghnú.

Tar éis ar dtús clárú iarrfar ar mhic léinn ag staid níos déanaí Gráid Ríofa a roghnú.

The decision has been taken to postpone the Leaving Certificate and put in place a system of Calculated Grades for students.

This decision has been taken because, after careful consideration, the Government and the Department’s (Education and Skills) assessment is that running the exams poses too great a risk to students, their families and those involved in running them.

The Department has outlined how Calculated Grades will work:

Calculated Grades will be generated using a systematic statistical model. It will combine estimates of a student’s expected performance in a subject and level, with information about how students in this school have fared in this subject in recent years in line with national performance standards over time.

The first source of data will be provided by the subject teacher. It will then be aligned in the school, with teachers reflecting on and considering the marks to ensure that the process is correctly applied. The principal then reviews to assure that the process was correctly applied and that all students were treated fairly. The school then sends the data to the Department of Education and Skills.

The Leaving Certificate – Calculated Grades Student Portal is now open and will be until 10pm on Thursday 28th May.

To register students will need:

  1. Examination Number
  2. PPS Number (Personal Public Service)
  3. E-mail address
  4. Phone number

Students will also be asked to select the level of each subject they have been studying.

After this initial registration students will be asked at a later stage to opt for Calculated Grades.