Le roinnt seachtainí anuas, bhíomar ag obair ar an mbealach is fearr chun tacú le hearnáil na Coláistí Samhraidh Gaeilge mar gheall ar thionchar Covid 19.

Ba chinneadh deacair é na coláistí samhraidh Gaeltachta a chuir ar ceal i mbliana. Mar sin féin, caithfear leas agus sláinte na mac léinn, múinteoirí, Mná Tí, teaghlaigh agus pobail a chuir roimh aon rud eile.

Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil Tionscnamh Cobhsaithe na gColáistí Samhraidh bunaithe.

Tríd an Tionscnamh seo, beidh muid in ann tacú le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta agus le Mná Tí le maoiniú do bhreis is € 4.73 milliún.

Gheobhaidh na coláistí íocaíocht in aghaidh gach mic léinn atá cláraithe agus gheobhaidh na Mná Tí íocaíocht chun cabhrú le costais a thabhaíodh cheana chun lóistín a chuir ar fáil.

Maidir le foghlaimeoirí Gaeilge, is deis ar leith, cinnte freastal ar Choláistí Samhraidh Gaeltachta agus fanacht sa nGaeltacht. Ina theannta sin, tá an earnáil thar a bheith tábhachtach don gheilleagar áitiúil inár bpobail Ghaeltachta.

Cuideoidh an maoiniú seo chun todhchaí na hearnála seo a chinntiú. Tacóidh sé leis na Coláistí. Tacóidh sé leis na Mná Tí. Agus i ndeireadh na dála, chabhraigh sé leis an taithí  foghlama ar leith seo a chosaint sna blianta amach romhainn.

Over the past number of weeks, we have been working on how best to support the Irish Language Summer Colleges sector due to the impact of Covid 19.

The decision to cancel all Gaeltacht summer college courses this year was a difficult one. However, the health and wellbeing of students, teachers, Mná Tí, households and communities is our number one priority.

I’m pleased to confirm, however, the launch of a Summer Colleges Stabilisation Initiative.

Through this Initiative we will support Gaeltacht Summer Colleges and Mná Tí with over €4.73 million in funding.

Colleges will receive a payment per student enrolled and Mná Tí will be supported with a payment to help with costs already incurred with providing accommodation.

For learners of Irish, attending Gaeltacht Summer Colleges and staying with a Gaeltacht provides a unique and unrivalled experience. In addition, the sector is of immense importance to the local economy of our Gaeltacht communities.

This funding will help secure the future of this sector. It will support the Colleges. It will support the Mná Tí. And ultimately it was help safeguard this unique learning experience for the years ahead.  

Ceisteanna Coitianta –

Cad atá beartaithe a dhéanamh?

Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  RCOG tar éis beannacht a fháil chun Tionscnamh Cobhsaithe na gColáistí Samhraidh (TCECS) a bhunú ar uaschostas de €4.73 milliún mar bheart éigeandála aon uaire chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Cad é an cuspóir atá bainteach leis an mbeart seo?

Is é an cuspóir ginearálta atá leis ná inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018–2022 leis, arb ionann iad agus polasaí an Rialtais i ndáil leis an teanga.

Tá curtha san áireamh chomh maith sa bheart cobhsaithe seo an gá le haghaidh a thabhairt gan mhoill ar dheacrachtaí maidir le sreabhadh airgid in earnáil na gcoláistí samhraidh, ar deacrachtaí iad atá ina mbac suntasach ar chumas na gcoláistí i roinnt cásanna taillí/éarlaisí a aisíoc go dóthanach le tuismitheoirí.

Cad é cúlra an bhirt seo?

Ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre atá mar thaca ginearálta le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 (an Straitéis), tá scéim á riar ag an RCOG: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) trína n-íoctar fóirdheontas laethúil (€10 faoi láthair) le teaghlaigh Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Tá ról tábhachtach ag an RCOG chomh maith ó thaobh comhlíontacht a chothú leis na dualgais reachtúla chuí mar a bhaineann siad leis an earnáil (go sonrach i réimse na cosanta leanaí, grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus sábháilteacht dóiteáin). Ba chóir a thabhairt faoi deara chomh maith, i gcomhthéacs níos leithne, go ngníomhaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna mar pháirtí lárnach sa chomhlíontacht a chur chun cinn ó thaobh na gcaighdeán cuí oideachais san earnáil.

Cad é an staid reatha –  Bealtaine 2020?

I bhfianaise gur ceann de na príomhchuspóirí den scéim é fóirdheontas indíreach a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta, tagann an scéim chomh maith le cuspóirí ginearálta an chláir um chuimsiú sóisialta agus cruthaítear buntáistí suntasacha geilleagracha do réigiúin Ghaeltachta – go háirithe sna earnálacha seirbhísí agus oideachais a meastar luach timpeall €50 milliún a bheith orthu go bliantúil.  Fianaise shonrach ar an tionchar dearfach indíreach seo is ea an méadú suntasach a bhíonn ar an ngnó ag óstáin, tithe leaba & bricfeasta, tithe tábhairne, bialanna agus siopaí nuair a thugann tuismitheoirí cuairt ar a leanaí sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine le linn mhíonna an tsamhraidh.

Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint, d’fhógair an Roinn ar an 20 Aibreán nach reáchtálfaí aon chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo.

Ó shin i leith,  rinne an Roinn moltaí a fhorbairt tar éis dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara a mbeadh mar aidhm acu an earnáil a chobhsú chomh fada agus is féidir leis na hacmhainní reatha agus ar bhealach nach ndéanann díláithriú ar bhearta tacaíochta eile atá á dtairiscint go lárnach. Cuireadh na moltaí sin faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Atchóirithe le gairid mar is gá a dhéanamh chun cead a lorg an beart cobhsaithe seo a bhunú.

Leagtar amach thíos cad atá beartaithe a dhéanamh. Sa chur chuige seo cuirtear san áireamh chomh maith an suíomh uathúil ina bhfuil an earnáil seo, earnáil a bhaineann leas as meascán de mhaoiniú tráchtála, pobail agus poiblí chun tacú go díreach le príomhpholasaí Rialtais.

Conas a ndéanfar an Tionscnamh Cobhsaithe Earnáil na gColáistí Gaeilge seo a mhaoiniú?

Is ón leithdháileadh maoinithe reatha do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) ón gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (fo-mhírcheann C3) a mhaoineofar an beart éigeandála seo. 

Údaráis na gColáistí

  • Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha faoin mbeart ná suas le 15% de tháillí na gcúrsaí aitheanta SFG, suas le híocaíocht uasta de €150 an scoláire an cúrsa. Tá an íocaíocht forchostais seo bunaithe ar iomlán na dtáillí cúrsa iníoctha i ndáil le scoláirí a bhí cláraithe le haghaidh cúrsaí amhail an 20 Aibreán 2020, an dáta a d’fhógair an RCOG go gcealófaí cúrsaí mar gheall ar COVID-19. Meastar gurb é €3.07 milliún iomlán an chostais.

Teaghlaigh Ghaeltachta

  • Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha ná suas le 40% den íocaíocht laethúil €10 a bhíonn iníoctha ag an RCOG[4] go hiondúil faoin scéim , is é sin €4 an scoláire an oíche. Beidh iomlán na híocaíochta do gach teaghlach bunaithe ar líon na scoláirí ar íocadh SFG ina leith don tréimhse ó Aibreán go Lúnasa 2019. Meastar gurb é €1.66 milliún iomlán an chostais. Agus an RCOG ag iarraidh an íocaíocht seo a dhéanamh, cuireadh san áireamh an infheistíocht shuntasach atá déanta ag lucht tí chun na caighdeáin iarrtha (mar shampla comhlíontacht dóiteáin agus spás breise codlata) a chomhlíonadh d’fhonn aitheantas a fháil faoi théarmaí na scéime. Cuireadh san áireamh chomh maith na costais shuntasacha a bhaineann le hárachas agus costais fóntais.

Meastar mar sin gurb é €4.73 milliún iomlán an costas a bhainfidh leis an mbeart. Tá an tionscnamh seo dírithe ar an earnáil a chobhsú ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh airgid de agus nach ndéanann díláithriú ar an tsraith reatha beart atá á cur ar fáil go lárnach. Féachann sé le cinntiú oiread is féidir, nach dtarraingíonn Coláistí na teaghlaigh Ghaeltachta as an scéim le haghaidh 2021.